Cú CosantóirTáin Bó Cuailnge

Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is clúití de chuid litríocht na nGael. Is san 11ú hAois, sa Mheán-Ghaeilge, a scríobhadh síos an leagan is sine dá bhfuil againn, i lámhscríbhinn a scríobhadh i gCluain Mhic Nóis agus ar a tugtar Leabhar na hUidhre — cé go síltear go bhfuil an scéal féin cúpla céad bliain níos sine ná sin. Maireann trí phríomhleagan den scéal, agus iad ar fad, a bheag nó a mhór, cosúil le chéile. Is sa ré réamhstairiúil atá an scéal suite, am dar leis an scríbhneoir go raibh ardri ar Éirinn agus go raibh an tír roinnte ina cheithre chúige, móide cúige an ardrí féin, an Mhí

Cuid den Rúraíocht í an Táin, an tsraith scéalta a bhaineann le Cú Chulainn agus le laochra na Craoibhe Rua, agus baineann go leor de scéalta na Rúraíochta le naimhdeas idir na hUltaigh agus na Connachtaigh.

An Rúraíocht

Cú CoimirceoirThart timpeall ar Chonchúr mac Neasa rí Chúige Uladh agus ar Chlann Rúraí atá an Rúraíocht bunaithe. Ba in Eamhain Mhacha a bhí rídhún Chonchúir agus ba ann a chruinnítí a chuid laochra, Cú Chulainn, Conall Cearnach, Laoire Buach, Fearghas mac Róich agus gaiscígh eile na Craoibhe Rua. Ba ann, freisin a bhí athair Chonchúir, Cafadh Draoi. Bhí sé de dhualgas ar laochra na Craoibhe Rua an cúige a chosaint ar an namhaid. Gaiscígh bhródúla trodacha a bhí iontu a raibh a ndea-chlú mar laochra ríthábhachtach dóibh, agus a bhí sásta bás a fháil ar son a n-eineach, nó a ndea-chlú. Ar na scéalta eile sa Rúraiocht tá 'Fleá Bhricriú' agus 'Loingeas Mhic Uisnigh'.

Le fada an lá roimhe sin, bhí aighneas agus iomaíocht idir Conchúr agus an laoch mór Fearghas mac Róich. Ach ba é an feall a d'imir Conchúr nuair a mharaigh sé triúr mac Uisnigh thar a cheann an iarraidh a mharaigh an mhuc. Thug Fearghas leis slua mór de na hUltaigh leis go Cúige Chonnacht agus chuaigh siad ar fostaíocht ag Ailill is Méabh. Bhí Cormac mac Conchúir ar dhuine de na daoine a d'imigh, agus tugadh an 'Dubhloingeas' ar an imeacht sin. Le linn na Tána bhí Fearghas agus Cormac agus tríocha céad de na hUltaigh páirteach leis na Connachtaigh.

Méabh Chonnacht

Ba í Méabh banríon Chonnacht. Ba iníon í leis an ardrí Eochaidh Féidhleach, bhí sí pósta le mac rí Laighean, Ailill mac Mách, agus bhí cónaí uirthi ina rídhún i gCruachain Chonnacht (Ráth Cruachan i gContae Ros Comáin). Síltear gur shíolraigh an t-ainm Méabh (Medb) ó 'med' nó meisce na meala. Naimhde ab ea na Connachtaigh agsu na hUltaigh sa Rúraíocht, agus ba mhinic Méabh agus na hUltaigh in adharca a chéile.

Cú Chulainn

Mac le Deictíre deirfiúr Chonchúir ab ea Cú Chulainn, agus ba é Cafadh Draoi a sheanathair. Séadanda a bhí mar ainm air ar dtús, ach bronnadh an t-ainm Cú Chulainn air tar éis dó cú a mharú a bhí ag Culann Ceárdai agus geallúint a thabhairt dó go dtógfadh sé áit an chú nó go bhfaigheadh Culann cú a dhiongbhála agus go n-oilfeadh sé dó é. Tugtar Cú na Ceárta freisin mar leasainm air. Nuair a thuar an Draoi Cafadh go mbeadh saol oirirc aige ach go mbeadh sé gearrshaolach, is é a dúirt Cú Chulainn: ‘Is mór an scéal é, arsa Cú Chulainn, mura mbeidh mé ach aon lá agus aon oíche ar domhan, ach go mairfeadh mo cháil is m’imeachtaí i mo dhiaidh.'

Léirítear Cú Chulainn sna scéalta mar chairbtheach mó mar ghaiscíoch carbaid. Ba é Lao mac Rianghabhra a ara (a charbadóir) agus b'iad an Liath Mhacha agus an Dubh Sainghleanna a dhá chapall. Bhí sleá dhraíochta aige freisin, an Ga Bolga. Is aige freisin a bhí an Carbad Searrga — carbad catha Chonchúir mhic Neasa. Ach ba é an rud ba sainiúla a bhain le Cú Chulainn sa chath ná an riastradh a thagadh air. Shéidfí amach é mar a bheadh fathach ann agus d'athraítí an chuma a bhí air, agus thagadh an lonn laoich air. Cé is moite de scéal mharú an chú, is é a chomhrac le Feardia mac Damháin ar an Táin an scéal is mó a insítear faoi, sin agus a mharú sa chomhrac in aghaidh Chlainne Chalaitín.

An Táin

The TainChun an tarbh mór clúiteach, an Donn Cuailnge, a thógáil ó na hUltaigh, a chuaigh Méabh ar an Táin. Chruinnigh sí ollslua agus thug sí aghaidh ar an gcúige nuair a bhí laochra Chúige Uladh tinn leis an Ceas Naíon (galar a thagadh ar na gaiscígh Ultacha ar fad cé is moite de Chú Chulainn),

Ina aonar, sheas Cú Chulainn in aghaidh na sluaite ón Luan roimh Shamhain go dtí an chéad Chéadaoin san Earrach. Sa tréimhse sin rinne sé sléachtadh ar na sluaite, á n-ionsaí san oíche lena chrann tabhaill agus ag seasamh rompu ar gach áth ó Chonnacht go Cuailnge. Baineann cuid mhór den Táin leis na comhraic aonair a throid Cú Chulainn ina aghaidh na gConnacht, cuid mhór acu sin ar áthanna éagsula ar imeallchríocha an Chúige. D'éirigh leis na sluaite a chiapadh agus a mhoilliú nó gur dhúisigh na hUltaigh as a dtinneas agus gur tháinig siad chun an chreach a bhaint de na Connachtaigh ar deireadh ag 'cath mór na Tána'.

Eagráin Nua

Foilseofar athinsint le Darach Ó Scolaí ar an Táin san fhómhar, leabhar ina ndéanann sé na leaganacha éagsúla den scéal a fhí ina chéile agus a athscríobh sa Nua-Ghaeilge le súil is go mbainfidh léitheoir an lae inniu sásamh as an seanscéal mar a rinne léitheoi®i na Meánaoise.

Tá eagrán grafach de An Táin le Colmán Ó Raghallaigh ar fáil freisin, agus é maisithe go spreagúil ag Barry Reynolds. Eagrán é sin a bhfuil an-tóir air i measc deagóirí na tíre ach go háirithe. Chomh maith leis sin, foilsíodh úrscéal grafach bunaithe ar scéal Chú Chulainn i mbliana, Cú: Cosantóir, an chéad imleabhar sa tsraith nua Cú. Baineann an chead leabhar le macghníomhartha Chú Chulainn agus lena thuras go hAlbain ag iarraidh oiliúint on mbanghaiscíoch scáthach.