údair
Margadh na Nollag ar shuíomh idirlín Leabhar Breac!
Buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin 2006, 2008, agus 2011
An Chonair Chaoch
C. Lenoach, C. Ó Giollagáin & B. Ó Curnáin
€20.00 (bog), 400 lch; ISBN 9780898332643
eag.: Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Curnáin.
Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d'aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i...
Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoi
€15.00 (crua), 112 lch; ISBN 978-0-898332-53-7
Duaisleabhar Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán...
Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain
€18.00 (crua), 176 lch, ISBN 1 898332 59 6
Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach.
'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár...
An Litir
Liam Mac Cóil
€15.00 (bog), 420 lch; ISBN 978-0-898332-57-5
Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht. Tá an tír ar fad faoi cheannas Shasana, agus tá Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Ghaillimheach óg, Lúcás Ó Briain - cúram rúnda a thabharfadh as a chathair dhúchais é ar aistear fada thar...
Hula Hul
Seán Mac Mathúna
€12.00 (bog), 104 lch; ISBN 978-0-898332-40-7
"Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean." Insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh...
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
€15.00 (bog), 208 lch; ISBN 978-0-898332-33-9
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an...


nuacht
-
Comhar na Bealtaine ar fáil
Léirmheasanna ar Filleann Seoirse le Éilis Ní Anluain, Na Drámaí Garbha le hAlan Titley, An Paróiste Miorúilteach le Máire Mhac an tSaoi agus Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, chomh maith le saothair nua le Micheál Ó Conghaile agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. (...ar lean) -
Ardrí
Seas an fód le Fionn mac Cumhaill in aghaidh naimhde an Ardrí sa chluiche nua seo don teaghlach ar fad atá ar fáil anois ó leabharbreac.com (...ar lean) -
Gradam Uí Shúilleabháin ag Gearóid Iarla!
Éagrán bog á ullmhú d'úrscéal nua Mháire Mhac an tSaoi, Scéal Ghearóíd Iarla (buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2011) (...ar lean) -
Seoirse Fillte
Triantán suthain suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo atá sa chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain 'Filleann Seoirse'. (...ar lean) -
Is treise an claíomh!
Tá úrscéal nua Liam Mhic Cóil, An Litir, ar fáil sna siopaí anois. Cé gur mar fhear pinn a aithnítear an t-údar, is é an claíomh atá in uachtar in An Litir, úrscéal faoi chlaímhteoir óg i nGaillimh sa 17ú hAois. (...ar lean)


Cuir sa chiseán
Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac