Oileán an Órchiste (Beag)

Robert Louis Stevenson

7.50

24 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 911363 06 4

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Sa bhailiúchán seo, tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste Don Cíochótae agus Camchuairt Ghuilivéir.

Scríbhneoir Albanach ab ea Robert Louis Stevenson. Scríobh sé go leor leabhar agus aistí. Is é Darach Ó Scolai a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.