Don Cíochótae

Miguel de Cervantes

7.50

24 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-911363-04-0

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa. Sa bhailiúchán seo, tá An Odaisé,Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste Don Cíochótaeagus Camchuairt Ghuilivéir.

Aithnitear Miguel de Cervantes mar an chéad úrscéalai. Scriobh sé Don Quixote ceithre chéad bliain ó shin, agus aithnitear mar chlasaic shin é. Darach Ó Scolai a d’aistrigh an leagan ciorraithe seo do pháisti.