An Tromdhámh

Feargal Ó Béarra

16.00

An Tromdhámh:100 lch; clúdach crua; 978 1 911363 21 7

Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2019

Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo ó pheann anaithnid thart ar an mbliain 1300.

Scéal iltéamach ilchisealach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo. Guaire an Oinigh, Seanchán Torpéist agus Ciarán Chluana.

Dóibh Siúd Nach Geal leo Filí!

Ní buan duine tar éis a aortha. Más maith a thuig na huaisle sin, is fearr a thuig an t-aos dána é óir ba é spleáchas an oinigh agus an dea-chlú ar a chéile a choinnigh cuallacht righin eisiatach sin na bhfilí in uachtar ó Chataibh go Cléire ar feadh breis agus ceithre chéad bliain. Sa sciamhleabhar siamsúil seo déantar athchóiriú do léitheoirí ár linne féin ar aoir a scríobhadh ar lucht aortha thart ar an mbliain 1300.

Leabhar í seo a chuirfidh gliondar is gáire orthu siúd nach geal leo filí na Gaeilge idir shean is nua!

Meisterwerk sa Nua-Ghaeilge

“Athchóiriú géarchúiseach faoi anáil renovatio na hard-mheánaoise féin é An Tromdhámh, feictear dom, agus cé gur ríléir an dílseacht don traidisiún agus an grinneas friotail sa gcóiriú teanga, tá glór cruthaitheach údair le haithint freisin, agus is maith ann dó. Tá muid faoi chomaoin Fheargail Uí Bhéarra as meisterwerk sa Nua-Ghaeilge Mhoch a shlánú do ghlúin úr léitheoirí.” — Dónall Ó Braonáin, Comhar

Seanscéal gan Cháim faoi Chulaith Nua

“An téacs atá soláthraithe ag Feargal dúinn anso tá sé gan cháim …. Táim ag caint ar an tslí inar chuaigh sé i mbun oibre agus an láimhseáil cháiréiseach a dhein sé ar an mbuntéacs sa tslí is gur éirigh leis Tromdhámh Ghuaire a thabhairt slán chughainn féna chulaith Nua-Ghaeilge agus gach ab fhéidir de shaibhreas foclóra agus teangan a thabhairt leis san am gcéanna.” — Breandán Ó Cróinín, Feasta

“Feargal Ó Béarra … gelingt es kongenial, die Vorlage ins moderne Irische zu übertragen. Das Ergebnis liegt in einem ansprechenden Band vor, der im Verlag Leabhar Breac erschienen ist. (Is ealaíonta mar a éiríonn le Feargal Ó Béarra … an bunleagan a aistriú go Nua-Ghaeilge. Tá a thoradh sin le fáil sa leabhar tarraingteach a chuir Leabhar Breac amach.) — Irene Balles, Abeitlung Keltologie

One of the great strengths and attractions of this series is that the authors remain as faithful as possible to the old linguistic and literary characteristics of the original text or texts, but that linguistic richness makes for slow, if rewarding, progress for the average reader of today. A little patience and understanding, however, repays the extra effort. An Tromdhámh doesn’t have the same action and excitement of some of the other retellings in this series, like Táin Bó CuailngeConaire Mór and Tuatha Dé Danann, but its inclusion alerts us to the variety of genres and narratives available in our most ancient tales. — Cathal Póirtéir, Books Ireland

Léigh sliocht as An Tromdhámh

Éist le sliocht as An Tromdhámh: