An Teachtaire

Colmán Ó Raghallaigh

12.00

Cló Mhaigh Eo: 44 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 8999 22 21 0

“Feicim contúirt mhór thar sáile chugainn… Fillfidh an sclábhaí.” Sin an tuar a dhéanann Lochrú Draoi don Ardrí agus lucht a chúirte. Ach má fhilleann, an mbeidh fórsaí an Áibhirseora in ann a mhisean a chur ó mhaith? Nó an dtig leis dul i ngleic leis na draoithe agus an seanréimeas a chloí? Seo é an dara cuid de scéal eipiciúil Phádraic, é lán d’aicsin agus teannais, agus an triú húrscéal grafach le Colmán Ó Raghallaigh. Bhuaigh an chéad dá leabhar sa tsraith duaiseana Bisto i 2002 agus 2003 faoi seach.