An Fuadach

Robert Louis Stevenson

16.00

An Fuadach: 304 lch; clúdach crua; 978-1-909907-65-2

Dáibhí i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna Sála Air

An Fuadach (Kidnapped) le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é – ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.

Dúnmharú na hApann, 1752

Bunaithe ar an dúmharú clúiteach in Apainn sa bhliain 1752, ‘Murt na h-Apann’ aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James ‘coróin agus príomhbhua an ealaíontóra’.

San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.

“Scéal maith eachtraíochta, ach tá téagar agus substaint ag baint leis.” Séamas Mac Annaidh, ‘Blas’ BBC Radio Ulster.

Léigh sliocht as An Fuadach

An Fuadach in Vicipéid