Tuatha_De-_Danann-_clu-dach.jpg

Tuatha Dé Danann

Diarmuid Johnson

€16.00

120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?

Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.

Is é a dúirt na léirmheastóirí faoi Conaire Mór:

"Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scéalta is tábhachtaí dá bhfuil againn ó litríocht na Sean-Ghaolainne."
— Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4

“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint. Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.”
— Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA