Sladmhargadh Mór na Féile Bríde: Tabhair Leabhar mar Bhronntanas don Léitheoir i do Shaolsa

Clu-dach_TBCX1.jpg

Táin Bó Cuailnge

Darach Ó Scolaí

€18.00 €14.40

240 lch; clúdach crua; ISBN: 978-1-911363-11-8

Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge.

Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh.

Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge. Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe.

Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

Caighdeán Ard — an Cineál is Airde

"Bímis buíoch de Dharach Ó Scolaí as an tseoid seo a chur ar fáil den chéad uair do chainteoirí Gaeilge ár linne agus bímis ag súil le tuilleadh ‘nua-sheanchas’ óna pheann." Maitiú Ó Coimín, Nós

“Tá síne nua curtha ag an saothar seo i slabhra athnuachana na Gaeilge. Ó tharla go bhfuil buneachtraí an scéil leagtha síos ag an traidisiún, braitheann feabhas an leagain seo ar chaighdeán na teanga agus na stíle. Caighdeán ard — an cineál is airde — atá ann. Tá an stíl nádúrtha, soléite, saibhir. Tá luas agus rithim ann. Tá beocht sna cuntais. Is cinnte go mbeidh Gaeilgeoirí bródúil as an maisiú seo ar an mílaois úr.”
—An tOllamh Máire Ní Annracháin

“Is fada an leabhar seo ag teastáil ó lucht léite na Gaeilge agus níl aon amhras ach gur clasaic a bheas ann in imeacht ama agus go sáraíonn sé leagan Béarla Thomas Kinsella. Fanann an leagan seo dílis do réim teanga an bhunleagain agus san am céanna aimsíonn an t-údar réim chuí teanga i nGaeilge an lae inniu. Sáraíonn Ó Scolaí deacrachtaí na roscanna cainte ón mbunleagan go han-mháistriúil ar fad agus tá na leaganacha de na buntéacsanna filíochta thar a bheith éifeachtach.”
— An tOllamh Gearóid Denvir, Comhar

Léigh sliocht as Táin Bó Cuailnge