Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

an_vaimpr.jpg

An Vaimpír

Enric Lluch

€7.50


32 lch; pictiúrleabhar; clúdach bog; 978 1 909907 45 4

Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar.

Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!