Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

an_garda_csta.jpg

An Garda Cósta

Máire Uí Dhufaigh

€9.00

126 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-62-9

In Oileán na Leice, ar chósta thiar na hÉireann, níl ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi a gcaithfidh sí féin is a cairde laethanta fada an tsamhraidh - agus cén chaoi a meallfaidh sí Séamas Jim, dár ndóigh. Nuair a thugann siad cuairt oíche ar sheanstáisiún an Gharda Cósta ardaítear ceisteanna faoi thaibhsí, agus seanscéal faoi fhear a d'imigh gan tásc gan tuairisc as an oileán céad bliain roimhe sin. Ach níl ann ar fad ach spraoi, nó go dtarlaíonn rud éigin uafásach a chuireann saol Chaitríona agus a cairde in aimhréidh.

Úrscéal breá nua do dhéagóirí is ea An Garda Cósta agus é lán le heachtraíocht, le corraíl agus le draíocht an tsamhraidh.

An Garda Cósta: Léigh sliocht as an leabhar