Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

amadn_aibrein_x.jpg

Amadán Aibreáin

Máire Ní Ghallchobhair

€7.50

€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-23-1

An dara leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!

Tá Lúsaí an-sásta inniu. An chéad lá d'Aibreán atá ann. 'Lá na nAmadán,' arsa Lúsaí. 'Beidh an-spraoi againn inniu.'