Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

nta_n_lr.jpg

Nótaí ón Lár

Liam Mac Cóil

€10.00 €5.00

170 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-15-0

Baintear úsáid máistriúil as an dialannaíocht le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is práinní sa 21ú haois. Ó fhilíocht Chearúlláin go Street Parade Zurich, ó Choistí Fiosrúcháin go lomadh an fhéir sa ghairdín cúil, tagann an saol príobháideach agus na ceisteanna móra poiblí le chéile chun ábhar machnaimh agus mothúcháin a chur ar fáil.

"Tá sé de bhua ag an dialann seo go n-éiríonn le Mac Cóil ábhar a chur ar fáil atá spéisiúil ach nach bhfuil faoistiniúil. Ní gníomh dóláis atá anseo againn ach gníomh dóchais." The Irish Times.