Sladmhargadh Mór na Féile Bríde: Tabhair Leabhar mar Bhronntanas don Léitheoir i do Shaolsa

mistir_ar_bord.jpg

Mistéir ar Bord

Paul Thiès

€7.50 €6.00

48 lch; clúdach bog; ISBN 978 0 898332 79 7

Úrscéal sa tsraith 'Cleite' don aoisghrúpa 7+ faoi fhoghlaí mara beag, agus a chuid cairde.

A leithéid de thubaiste! Bhí piléar mór tar éis poll a chur sa seol mór! 'A Chaptaein Plúr, tabhair dúinn d'órchiste nó cuirfimid go tóin poill thú!' Tháinig creathán ar Chleite nuair a d'aithin sé glór gránna an Chaptaein Féasóg Bhearrtha. 'Órchiste?' arsa an Captaen Plúr. 'Cén t-órchiste?'
Cén t-órchiste atá á lorg ag an gCaptaen Féasóg Bhearrtha? Agus Mama Plúr ag súil le páiste! Tá Muintir Phlúir i mbaol, ach cé a thiocfaidh i gcabhair orthu?

Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla.