Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

luch_sa_rang.jpg

Luch sa Rang

Máire Ní Ghallchobhair

€7.50 €6.75

€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-38-4

An séú leabhar maisithe ag Peter Donnelly sa tsraith Lúsaí le Maire Ní Ghallchobhair (don aoisghrúpa 6-7). Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!

Tugann Bean de Róiste luch ar scoil inniu. ‘Beidh spraoi againn anois,’ arsa Lúsaí lena cara Caoimhe. Ach ní hí Lúsaí amháin atá in ann cleas a imirt!