Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

Don_Ci-ocho-tae.jpg

Don Cíochótae

€7.50

24 lch, clúdach bog, ISBN: 978-1-911363-04-0

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraithClasaicí Beaga Bídeachadéantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téannféin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraithphictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchánClasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

Aithnítear Miguel de Cervantes mar an chéad úrscéalaí . Scríobh sé Don Cíochótae ceithre chéad bliain ó shin aguscáil air ó shin. Is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.