Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

Cú 3

Paul Bolger & Barry Devlin

€12.00

168 lgh; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-91-1

An tríú leabhar in eipic mhór Chú Chulainn — agus an scéal ar fad ar fáil anois mar úrscéal graifice. San imleabhar seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina aghaidh — Calaitín. Méabh, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon féin! Is anseo a dhéanann Cú Chulainn agus Feardia comhrac an átha. Agus, mar bharr ar an donais, déanann sluaite Chonnacht ionradh ar Chúige Uladh chun na hUltaigh a bhriseadh. Beidh sé ina bháire fola!

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Leagan Iontach de Scéal Chú Chulainn

"Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort ... Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit." — Eoin P. Ó Murchú, Nós

"Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige  Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach." —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

"Ní gá a rá go bhfuil an ealaín ar chaighdeán den scoth. Is sárdhearthóir agus beochantóir é Paul Bolger a d’oibrigh ar scannáin mhóra ar fud na cruinne, ‘The Land Before Time’ agus ‘All Dogs go to Heaven’  ina measc. Áiríonn muintir Cartoon Saloon é ar dhuine de na ceannródaithe maidir le cúrsaí beochana in Éirinn." — Colm Ó Snodaigh, Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh faoi Chú Chulainn agus Táin Bó Cuailnge.