Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

An_Be-iri-n_Da-na.jpeg

An Béirín Dána

Marc Cantin

€7.50 €6.75

48 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 911363 14 9

Úrscéal maisithe sa tsraith 'Níotú' don aoisghrúpa 7+ faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde.

‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.

Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis....

Féach: Leathanach Leabhar Breac'Treibheanna na Machairí Móra'