Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Naíonáin

Pictiúrleabhair a bheadh feiliúnach mar ábhar léitheoireachta do na Naíonáin Bheaga agus na Naíonáin Mhóra. Leabhair bhreátha soláimhsithe iad, déanta as cairtchlár nó as plaisteach bhog.

Leabhair ar fáil ar lacáiste speisialta 20% do scoileanna is do naíonraí, ach iad a ordú tríd an leathanach 'Teagmháil' nó glaooch orainn ag 091 593592.

Anocht, tá Macán Mac Tíre ina leaba. Ach tá sé dorcha ina sheomra, agus cá bhfios nach bhfuil púca i bhfolach faoin leaba? Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin. Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta!
Tuilleadh
Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta! Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Tuilleadh
Inniu, feiceann Macán Mac Tíre rud éigin nua sa ghairdín — pota! Ach cad le haghaidh é? Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Tuilleadh

An Chóisir

€6.00
€5.40
Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha. Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.
Tuilleadh

An Phicnic

€6.00
€5.40
Tá Caitlín agus Cormac ag dul ar phicnic. Tá bord cearnógach acu, liathróid chruinn, agus puball triantánach. Cé na cruthanna eile a aithníonn tú? Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann lecruthanna. I gcomhthéacs turas picnice, taispeántar agus ainmnítear cruthanna (bord i gcruth cearnóige,puballigcruthtri-antáin, an ghrian i gcruth ciorcail srl.)
Tuilleadh

Lá Mór Fada

€6.00
€5.40
Táimid ag foghlaim faoin lá. Éiríonn caitlín agus Cormac ar maidin. Tá lá fada amach rompu, agus tá go leor le déanamh acu. Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann le gnáthaimh an lae ón mbricfeasta ar maidin go glanadh fiacla san oíche.
Tuilleadh

Tabhair Leat do Leabhar

€6.00
€5.40
Pictiúrleabhar cláir sa tsraith 'Ag léamh le Caitlín agus Cormac' maisithe ag Silvia Ortega: Táimid ag foghlaim faoi leabhair. Tá an lá caite ag Caitlín agus Cormac ag taisteal. Agus nuair a thiteann an oíche, téann siad ag taisteal lena gcuid leabhar. Pléann an leabhar seo le leabhair agus le buanna na léitheoireachta. I gcomhtheacs an taistil agus na samhlaíochta, taispeánann an leabhar seo gur féidir taisteal a dhéanamh ar leathanaigh leabhair.
Tuilleadh