Meánranganna

Leathanaigh Oibre

Leathanaigh ghníomhaíochta le priontáil agus le húsáid leis na meánranganna:

Cluichí focal - pdf 22234671314

Meaitseáil na focail - pdf 1617

Leigh an scéal – pdf 101112

Scríobh an scéal - pdf 18192021

Tarraing an pictiúr - pdf 89232425

Leabhair Léitheoireachta

Leabhair a bheadh feiliúnach mar ábhar léitheoireachta do ranganna 3 & 4. Idir 5-10 líne téacs i gcló breá soléite ar leathanaigh A5, agus pictiúir le cabhrú leis an léitheoir.

Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní bhfuair gach aon duine cuireadh. Tá sióg ghránna amháin nach bhfuil an-sásta nach bhfuair seisean cuireadh chuig an mbainis, agus nuair a thagann sé chuig an mbainis ní ceiliúradh ata ar intinn aige!
Tuilleadh
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!
Tuilleadh
Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.
Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis....

Tuilleadh
Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Há! Há! arsa Pacó. ‘Níl sé éasca eitilt gan sciatháin!’
Tá sé in am ag Níotú capall dá chuid féin a bheith aige, ach tá sé níos deacra breith ar chapall fiáin agus é a cheansú ná mar a cheapann an tIndiach beag.

Tuilleadh
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá cuireadh faighte ag Luisne agus Deirdre an Nollaig a chaitheamh i measc na nDaoine sa Domhan Thuas. ‘Ná bainigí úsáid as na Cleasa Sí anseo,’ arsa Aintín Gormlaith leo. ‘Ní mian linn aird a tharraingt orainn féin!’ Ach nuair a thosaíonn cailíní na comharsan ag tromaíocht ar an mbeirt, bíonn an-fhonn orthu ceacht a mhúineadh dóibh. Nollaig í seo nach ndéanfar dearmad go héasca uirthil!

Tuilleadh

Frankenstein

€7.50
Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtus – ansin feargach. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. ch nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach!
Tuilleadh