Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Leabhair Thagartha

Leabhair a bheadh feiliúnach mar ábhar léitheoireachta breise sna hardranganna agus mar leabhair thagartha don leabharlann ranga. Leabhair eolais iad a bheadh an-fheiliúnach do dhaltaí a bheadh ag obair ar thionscnaimh.

Insint bhreá bhríomhar ar cheann de na seanscéalta ab ansa lenár muintir agus í maisithe le pictiúir dhaite le Darach Ó Scolaí, mar aon le dlúthdhiosca de Mhícheál Ó Conaola i mbun scéalaíochta.
Tuilleadh
Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach agus ar an laoch Laighneach, Fiacha Mac Aodha Ó Broin. Sheas sé an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael. Tá maisiúchán gleoite déanta ar an leabhar seo ag an ealaíontóir Jonathan Barry.
Tuilleadh
Tá Gráinne Mhaol ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael. Mairnéalach cróga a bhí inti, máthair, agus bean taoisigh, de shliocht uasal Uí Mháille. Óna caisleán ar oileán Chliara thug sí dúshlán na bhfear ar muir agus ar tír.
Tuilleadh

Mánas Ó Dónaill

€4.95
€4.45
Taoiseach, saighdiúir, file, agus prionsa Gaelach ar an nós Eorpach ba ea Mánas Ó Dónaill. Bhí gean aige ar fhilí agus ar fhilíocht, agus chuir sé féin an leabhar 'Beatha Cholmcille' á scríobh.
Tuilleadh
Míle sé chéad bliain ó shin tugadh buachaill óg go hÉirinn mar sclábhaí. Chaith sé blianta fada uaigneacha ag tabhairt aire do mhuca is do chaoirigh ar Shliabh Mis. Ansin d’éalaigh sé, agus é de rún aige na Gaeil a thabhairt chun na Críostaíochta. Patrici
Tuilleadh

Seán Ó Néill

€4.95
€4.45

Duine d'uaisle Thír Eoghain a a mhair sa 16ú haois ba ea Seán Ó Néill. Thug sé aghaidh ar Shasanaigh, ar Albanaigh, agus ar a mhuintir féin. Bhain sé Tír Eoghain amach leis an lámh láidir agus rinne sé páirc chatha de Chúige Uladh.

Tuilleadh
Ba é Somhairle Mór an chéad rí Gaelach ar Inse Gall. Bhunaigh sé ríocht Gaelach ar chósta na hAlban, agus sna hoileáin idir Alba agus Éirinn. Is uaidh a tháinig cuid mhór de theaghlaigh mhóra Ghaelacha na hAlban. Tugann an leabhar seo léargas dúinn ar stair na nGael in Éirinn agus in Albain in aimsir na Lochlannach. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Fran O'Boyle.
Tuilleadh

Tadhg Dall Ó hUiginn

€4.95
€4.45
Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d'fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne - Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht.
Tuilleadh
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana. Bhí an cláirseoir dall, Toirealach Ó Cearúlláin, ar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí ba mhó in Éirinn riamh. Tá a chuid ceoil chomh mór i mbéal an phobaill inniu is a bhí ariamh. Tugann a scéal léargas
Tuilleadh