Ardranganna

Úrscéalta agus leabhair chaibidil a bheadh feiliúnach mar ábhar léitheoireachta do ranganna 5 & 6.

Tá sé ina theas, agus tá an Cúigear Cróga ag caitheamh an lae go díomhaoineach ... ach is fada uathu an suaimhneas a raibh siad ag súil leis! Céard atá ar siúl ag fir na ngluaisrothar? Agus cé a chuirfidh stop leo?

Tuilleadh
Tá capall rás cáiliúil á thraenáil in Kirrin. Ach nuair a imíonn an capall chun scaoill, ní mór don Chúigear Cróga bheith ar a n-aire nó d'fhéadfadh go rachadh an capall amú nó go ngortófaí í! Tá chuile rud ag brath orthu! 

Scéal sa tsraith Cúigear Cróga de chuid Enid Blyton le léaráidí úrnua lándaite. Aistrithe go Gaeilge ag Máirín Ní Ghadhra.

Tuilleadh
Is fuath le cailleacha páistí. Faigheann cailleacha boladh cacanna madra ar pháistí. Agus anois tá an Ard-Chailleach Mhór ag ullmhú le deireadh a chur le gach uile pháiste sa tír — an féidir stop a chur leis ana cailleacha? Insíonn úrscéal Roald Dahl scéal an bhuachalla seo agus a mhamó ón Ioruaidh agus iad ag tabhairt aghaidh ar na cailleacha gránna!

Tuilleadh
Tá amhras ar Timmy faoi dhaoine ar an traein. Tá rud éigin thar a bheith aisteach faoi dhuine de na paisinéirí. Céard atá ar siúl? Agus cén chaoi a bhfaighidh an Cúigear fios an scéil? Scéal eile sa tsraith An Cúigear Cróga, agus é lán-daite arna mhaisiú ag Jamie Littler. Aistrithe go Gaeilge ag Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Tuilleadh
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
Tuilleadh
Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
Tuilleadh
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh (nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
Tuilleadh
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin sa tóir ar a n-athair. Le chéile, fágann siad Páras agus tugann siad aghaidh ar an gcósta. Castar an Fheasóg Dhubh orthu, agus foghlaí mara eile a insíonn dóibh go bhfuil a n-athair beo, agus go bhfuil a mbeatha i mbaol. Agus, gan súil ar bith acu leis, tugtar ar bord loinge iad. Leis sin, cuirtear tús le heachtraí móra farraigí agus leis an gcéad leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh.
Tuilleadh
Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus cé hé an ceoltóir bocht atá ar thóir na feadóige?
Tuilleadh