Sráid an Iarla

Úrscéalta lán le mistéir na seansráideanna agus le draíocht na hóige atá sa tsraith 'Sráid an Iarla', agus iad scríofa i nGaeilge bhreá shimplí an Iarthair; feiliúnach do léitheoirí os cionn naoi mbliana d'aois.

Is faoi Mhártan, buachaill aonaránach atá ina chónaí lena Mhama ar Shráid an Iarla, atá na trí leabhar sa tsraith. Buachaill beag fiosrach é Mártan, agus is minic go bhfeiceann sé agus go gcloiseann sé rudaí nach mbaineann dó — rudaí a bhaineann le saol na ndaoine fásta. Is minic freisin é i dtrioblóid mar gheall air seo.

An tÚdar

Cosúil leis an nGruagach féin, is duine an-rúnda an scríbhneoir. I gCathair Chorcaí a chaith Peadar Ó Cualáin a óige, agus is i seansráideanna na cathrach sin atá a chroí i gcónaí. Chomh maith leis na trí leabhar sa tsraith 'Sráid an Iarla' scríobh sé an t-úrscéal fantaisíochta, Bithíunaigh.

Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
Tuilleadh
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh (nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
Tuilleadh
Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus cé hé an ceoltóir bocht atá ar thóir na feadóige?
Tuilleadh