Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Bratach na gCnámhBratach na gCnámh

Sa tsraith nua úrscéalta seo le hAlain Surget do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d'aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach Captaen Roc. Cailín aerach í Louise Bheag — is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin — is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara. Caithfidh an bheirt cur le chéile agus aghaidh a thabhairt ar na contúirtí amach rompu — foghlaithe mara, cabhlach Shasana, siorcanna, agus bithiúnacha de chuile chineál!

Leabhar Breac: Foghlaithe Mara

 

An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin sa tóir ar a n-athair. Le chéile, fágann siad Páras agus tugann siad aghaidh ar an gcósta. Castar an Fheasóg Dhubh orthu, agus foghlaí mara eile a insíonn dóibh go bhfuil a n-athair beo, agus go bhfuil a mbeatha i mbaol. Agus, gan súil ar bith acu leis, tugtar ar bord loinge iad. Leis sin, cuirtear tús le heachtraí móra farraigí agus leis an gcéad leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh.
Tuilleadh
An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí!
Tuilleadh
Kingston, Iamáice, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin chun farraige sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach, an captaen Roc. Gabhann cabhlach Shasana iad, agus caitear i gcillín iad in oileán Iamáice. Ach le chéile, faigheann siad cabhair ó na foghlaithe mara, Parabas agus Marie Dhearg, agus déanann siad iarracht éalaú ó Iamáice le dul sa tóir ar a n-athair arís. Ach ní hiad amháin atá ar a thóir!
Tuilleadh

Ór na Péiste

Alain Surget
€7.50
€6.75
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Ag teannadh le cósta Mheicsiceo, cloiseann Louise Bheag agus Benjamin go bhfuil a n-athair sa tóir ar ór na nIncach. Ach ní mar a síltear bítear. Is gearr go mbíonn an cúpla i gcroílár na foraoise, i gcathair Phéist na gCleití. Agus níl ansin ach a thús!
Tuilleadh
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Tar éis an Mhuir Chairb a chuardach, tagann siad aire faoi dheireadh — i bpríosún Spáinneach i Veracruz agsu é le daoradh chun báis! Tá siad ag brath ar a leasdeir?úr le cabhrú leo é a thabhairt slán. Ach an féidir brath ar Mharie Dhearg?
Tuilleadh
Muir Chairb, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach Captaen Roc. Tar éis an Mhuir Chairb a chuardach, tagann siad air faoi dheireadh agus, cé go bhfuil ríméad orthu teacht air, fágann sé ina dhiaidh iad ag obair i dtabhairne An Ochtapas Dubh. Ach tá an bheirt ag éirí tuirseach den síorobair agus glanadh agus ag faire ar an gcéad deis a thabharfadh chun farraige iad!
Tuilleadh