Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh  leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios  aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé  aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh  a bhealaigh i dtreo an tsolais.  Úrscéal fealsúnach é seo le duine de  phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i  bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na  foilsitheoireachta. Féachann An Choill le dul i ngleic  le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo  an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh.  Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B'fhéidir gurb é  scéal gach aon duine é.  

Tuilleadh
Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu: Baile.
Tuilleadh

Frankenstein

€7.50
Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtus – ansin feargach. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. ch nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach!
Tuilleadh
Tar éis briseadh loinge, caitear Guilivéar i dtír ar oileán lán le firíní beaga. Dona go leor, ach nuair a théann na firíní beaga i gcleachta ar mhéid ollmhór Ghuilivéir, iarrann siad air cabhrú leo ina gcogadh aghaidh a gcuid namhad. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Úrscéal fantaisíochta móréilimh, agus an chéad imleabhar sa tsraith eipiceach ‘A Song of Ice and Fire’ leis an úrscéalaí iomráiteach Meiriceánach George R. R. Martin. Tá an tsraith aistrithe go hiliomad teangacha agus tá leagan scannánaithe ag HBO á chraoladh ar an teilifís go hidirnáisiúnta. I mBéarla, in 1996 a foilsíodh ar dtús é, faoin  teideal A Game of Thrones.

Tuilleadh
Anocht, tá Macán Mac Tíre ina leaba. Ach tá sé dorcha ina sheomra, agus cá bhfios nach bhfuil púca i bhfolach faoin leaba? Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin. Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta!
Tuilleadh