Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

Paul Bolger & Barry Devlin

Stiúrthóir, beochanóir agus ealaíontóir é Paul Bolger. Is le coimicí a chaith sé a dhúthracht. D’oibrigh sé mar bheochanóir in Don Bluth Studio agus in Dagda Film, agus ba é a bhí ina phríomhbheochanóir ar Cool World, The Thief and the Cobbler (Werner) agus ina stiúrthóir ar  Gardens agus Happily N’ever After.

Scríbhneoir scannáin is teilifíse aitheanta é Barry Devlin  ( A Man of No Importance, The Darlings Buds of May), Tá cúpla clár faisnéise ar U2 stiúrtha aige, agus ba é a rinne go leor dá gcuid físeán. Ba é príomhcheoltóir na Horslips freisin é, tráth.

Cú

 

 

 

 

Faoi dheireadh! Tá an leabhar deireanach sa triológ chugainn agus tá eipic mhór Chú Chulainn ar fad ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina choinne, Méabh, Calaitín, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon í féin. Beidh sé ina bháire fola!

Tuilleadh
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Tuilleadh
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le ConchúrUladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidhInsint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Tuilleadh