Sladmhargadh na Nollag — Lascainí Móra i nGach Leabhar

Feargal Ó Béarra

Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann agus tá tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Seo í an chéad leabhar den chineál seo óna pheann.

Athinsint ar cheann de na mórscéalta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, Tromdhámh Guaire, aoir ó thús an 14ú hAois ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.

Tuilleadh