Ráiteas um Chumhdach Leanaí

RÉAMHRÁ

Is teach foilsitheoireachta é Leabhar Breac agus ainm trádála an chomhlachta Breeacán Teoranta. Foilsíonn Leabhar Breac leabhair agus orthu sin tá leabhair don óige. Tosaíocht de chuid Leabhar Breac is ea leabhair a chur ar fáil do leanaí agus déanfaimid cúram de gach leabhar díobh sin agus d’aon ócáid ina mbeadh leabhair á gcur ar fáil againn ionas go mbíonn leas gach leanbh á chosaint iontu.

Sa Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo, faoi mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 sonraítear na himeachtaí de chuid Leabhar Breac ag a mbíonn leanaí rannpháirteach agus na prionsabail agus nósanna imeachta a bhfuil aird á dtabhairt orthu chun críche dhualgas na heagraíocht i leith chumhdach na leanaí sin a chomhlíonadh.

Tacaíonn an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo le beartais agus nósanna imeachta eagraíochtúla eile, lena n-áirítear earcaíocht, sláinte agus sábháilteacht, comhdheiseanna, oiliúint, smacht, casaoid agus eile agus beidh gach beartas eagraíochtúil ag teacht leis an mbeartas um Chumhdach Leanaí.

*Ciallaíonn Díobháil, faoi mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, ‘maidir le leanbh— (a) Ionsaí, drochíde nó faillí a dhéanamh ar an leanbh ar bhealach a dhéanann difear nó ar dóchúil go ndéanfaidh sé difear tromchúiseach do shláinte, forbairt nó leas an linbh, nó (b) drochúsáid ghnéasach an linbh, cé acu mas gníomh aonair, easnamh nó cúinse nó sraith nó meascán de ghníomhartha, easnamh nó cúinsí, nó rudaí eile is cúis leis’.

An tseirbhís atá á soláthar ag Leabhar Breac do leanaí

i) Foilsíonn Leabhar Breac leabhair do pháistí.

ii) Eagraíonn Leabhar Breac ócáidí ina mbíonn leabhair á léamh do dhaoine fásta agus do pháistí

Nósanna Imeachta

Forbraíodh ár Ráiteas um Chumhdach Leanaí de réir na gceanglas faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2017), agus Cosaint Leanaí: Treoir maidir le Polasaí, Nós agus Cleachtas ó Tusla. Chomh maith leis na nósanna imeachta atá liostaithe inár measúnú riosca, tacaíonn na nósanna imeachta seo a leanas lenár gcuspóir leanaí a chumhdach agus iad ag glacadh rannpháirtíocht inár gcuid imeachtaí:

1.         Oifigeach Ainmnithe a cheapadh

2.         Modh Tuairiscithe

3.         Déileáil le líomhaintí mí-úsáide nó mí-iompair ag baill foirne/oibrithe deonacha i gcoinne linbh a bheidh rannpháirteach inár gcuid imeachtaí.

4.         Earcaíocht shábháilte ball foirne/oibrithe deonacha a bheidh ag obair le leanaí.

5.         Ábhair imní maidir le cosaint nó leas leanaí a thuairisciú d’údaráis reachtúla.

6.         Beartas Rúndachta

7.         Taifid um Chosaint Leanaí a Bhainistiú

8.         Beartas Gearán

9.         Déileáil le Timpistí agus Teagmhais

10.       Úsáid Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána

Cód Cleachtais na Foirne

Tá na cleachtais foirne seo a leanas ag foireann Leabhar Breac chun críche dhualgas na heagraíochta i dtaca le Cumhdach Leanaí a chomhlíonadh:

•          Tugtar tús áite do leas agus do shábháilteacht an linbh i gcónaí.

•          Caitear go cothrom le gach leanbh le meas agus le dínit agus ní léirítear fabhraíocht.

•          Bíonn meas ar spás pearsanta an linbh.

•          Déantar aon ábhair imní nó eachtraí maidir le cumhdach a thuairisciú láithreach don Duine Teagmhála Ainmnithe.

•          Rochtain ar ghuthán chun teagmháil láithreach a dhéanamh le seirbhísí éigeandála más gá;

•          Léirítear meas i gcónaí ar thuairimí leanaí

•          Seachnaítear a bheith in aonar le leanbh ag aon am.

•          Bítear airdeallach i gcónaí i mbun cumarsáide le leanaí go n-úsáidfear caint shoiléir chuí.

•          Léirítear tuiscint ar theorainneacha linbh déileáil le fadhb(anna), fisiciúla nó eile.

•          Sonraítear gach céim den teagmháil idir baill foirne agus leanaí go soiléir.

•          Tugtar spreagadh agus tacaíocht do leanaí agus bíonn an t-aiseolas a thugtar dóibh cuiditheach i gcónaí.

•          Coinnítear taifead scríofa de ghortú ar bith a bhaineann do leanbh, chomh maith le sonraí faoin gcóir leighis a cuireadh air.

•          Cinntítear go bhfuil cainéil shoiléire chumarsáide oscailte agus go ndéileáiltear le haon ábhar imní ó thuismitheoir/chomhneoir/leanbh go pras.

 

Measúnú Riosca

Rinneamar measúnú ar aon fhéidearthacht ina bhféadfaí díobháil a dhéanamh do leanbh agus é nó í ag baint leasa as ár seirbhísí. Seo thíos liosta de na réimsí riosca a aithníodh agus liosta de na nósanna imeachta chun na rioscaí sin a bhainistiú.

 

1          Riosca arna aithint: Díobháil do leanbh trí aon ábhar foilsithe de chuid Leabhar Breac

Nós imeachta i bhfeidhm chun an riosca arna aithint a bhainistiú: Déantar an t-ábhar ar fad a sheiceáil roimh ré.

 

2          Riosca arna aithint: Díobháil do leanbh le linn ócáid de chuid Leabhar Breac

Nós imeachta i bhfeidhm chun an riosca arna aithint a bhainistiú: Ceanglal ar thuismitheoir/chaomhnóir cúram a dhéanamh d’aon leanbh a fhreastalóidh ar Chlub na Féile. Comhoibriú lucht bainistíochta an ionad chun an t-ionad a choinneáil sábháilte. Próiseas in áit do oibrithe san ionad chun déileáil le tarlúintí díobhála.

 

Cur i bhFeidhm

Aithnímid gur próiseas leanúnach é seo. Tá ár seirbhís tiomanta don Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo agus na nósanna imeachta a thacaíonn lenár gcuspóir a chur i bhfeidhm chun leanaí a choimeád sábháilte ó dhíobháil.

Chuige sin, déanfar athbhreithniú uair amháin in aghaidh na bliana chun aon athruithe sa reachtaíocht a chur san áireamh agus chun dea-chleachtas a dheimhniú.

 

OIFIGEACH AINMNITHE

Darach Ó Scolaí; 091 593592; eolas@breacan.ie

 

SOLÁTHRAÍ

Anna Ní Chartúir; 091 593592; eolas@breacan.ie