Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Sióga na Nollag

Díreach in am don Nollaig, tá an tríú leabhar sa tsraith Síscéalta Lios Lurgain ar fáil sna siopaí, agus scéal nua ann faoi Luisne agus a cairde Sí. An uair seo, is i ndomhan na ndaoine (nó sa Domhan Thuas) atá Luisne agus a cara Deirdre ar saoire na Nollag.

Aoife Ní DhufaighÉalú as Lios Lurgain

Ó tháinig an chéad leabhar sa tsraith Siscéalta Lios Lurgain ó pheann Aoife Ní Dhufaigh, tá sciob sceab ar na leabhair ar fad! Ní hiontas ar bioth é sin, dar ndóigh, mar is scríbhneoir í Aoife Ní Dhufaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Oírr, in Árainn, áit a bhfuil neart síog! Tá go leor leabhar do pháistí agus do dhéagóirí óga scríofa aici agus tá cur síos álainn draíochtúil sna leabhair seo ar Luisne agus ar a cairde Sí. 

Is é an t-ealaíontóir Caomhán Ó Scolaí a dhearaigh na leabhair ar fad sa tsraith, agus is mór an áilleacht na pictiúir bhreátha draióchtúla atá sa leabhar.

In Éalú as an Lios, chuir léitheoirí aithne ar Luisne agus Deirdre agus ar a gcairde i Lios Lurgain. Beirt sióga óga iad sin atá ar bís le fiosracht faoin Domhan Thuas (an domhan s'againne), agus a aimsíonn bealach rúna (doras na síog fásta) go dtí an Domhan Thuas. Dar ndóigh, ní rud éasca é a bheith ag taisteal idior an Domhan Thuas agus Domhan na Sí, agus is gearr go mbíonn an bheirt sióg i dtrioblóid.

An tSióg MhallaitheAn tSíog Mhallaithe ag Bainis na Sí

Sa dara leabhar sa tsraith, An tSióg Mhallaithe, castar ár gcairde ar a chéile ag bainis Sí (tá Eimhear agus Lugh, deartháir Luisne, ag pósadh), agus castar orthu freisin an tSióg Mhallaithe, sióg an-ghránna nach bhfuair aon chuireadh chuig an mbainis mar gheall ar an trioblóid a dhéanann sé do shióga eile.

Ní hiontas ar bith é, ach tá an tSióg Mhallaithe le buile agus cuireann sé na sióga maithe faoi gheasa troma draíochta agus fuadaíonn sé col ceathgrar Luisne ón mbainis. Tá Aintín Gormlaith trína chéile. Bíonn ar Luisne agus a cairde go léir dul i gcabhair ar an tsióg agus í a shaoradh ón tSióg Mhallaithe.

An Nollaig ThuasEachtra na Nollag sa Domhan Thuas

In An Nollaig Thuas, an tríú leabhar sa tsraith, castar Luisne agus Deirdre orainn sa Domhan Thuas (an domhan s'againne) ar saoire na Nollag le hAintín Gormlaith. Tá fainic curtha ar an mbeirt gan aird a tharraingt orthu féin i measc na ndaoine 'thuas' agus, thar aon ní eile, gan aon chleasa draíochta a imirt orthu. Ach nuair a thosaíonn beirt chomharsan ag maistíneacht ar Luisne agus ar Dheirdre, bíonn an-chathú ar an mbeirt ceacht a mhúineadh dóibh.

Go deimhin, beidh sé an-deacair ar an mbeirt sióg bheag gan draíocht a imirt ar na Daoine Thuas an Nollaig seo!

Return to News