Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Athléamh ar Chlasaicí: Scéal Ghearóid Iarla

Agus muid ar an bhfoscadh ó ráig seo an C19, tapaímis an deis chun athchuairt a thabhairt ar shárleabhair is ar chlasaicí na Gaeilge. Inniu, caithimis súil ar dhuaisleabhar Mháire Mhac an tSaoi, úrscéal staire a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2011, Scéal Ghearóid Iarla.

Scéal Ghearóid IarlaDuaisleabhar na Bliana 2011

Sa bhliain 2011 a foilsíodh Scéal  Ghearóid Iarla, duaisleabhar, agus úrscéal — nó novella — a thug sásamh ar leith do léitheoirí na Gaeilge nuair a ghnóthaigh sé Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana' in 2011.

Údar sásaimh a bhí ansin mar ba mhór é cion an phobail ar Mháire Mhac an tSaoi mar fhile, agus ba mhór an chúis cheiliúrtha a bhí ann dóibh úrscéal a fháil uaithi agus í 89 bliana d'aois. Rud a chuir go mór leis an sásamh sin ba ea ábhar an úrscéil, ábhar a samhlaíodh léi riamh mar fhile, Gearaltaigh na Mumhan agus an 3ú hIarla go sonrach, Gearóid Iarla. Ó shin, fuair an t-úrscéal aitheantas ón iris Comhar mar cheann de na "deich n-úrscéalta is fearr ó chasadh an chéid".

Novella nó úrsceal gearr atá in Scéal Ghearóid Iarla, leabhar a dhéanann cur síos ficseanach ar an taoiseach Normannach, ar an bhfile Gaelach, agus ar leasrí Shasana in Éirinn, an fear ar a dtug Gaeil 'Gearóid Iarla', Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Láirge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoin a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

Máire Mhac an tSaoiDhaonnacht Mhóruaisle agus Ghnáthdhaoine

Cé gur úrscéal staire atá sa leabhar, níl aon ní seanaimseartha ag baint leis, ach a mhalairt ar fad. "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine," atá ann dar le Tadhg Ó Dúshláine, ag labhairt dó ar an leabhar ar Raidió na Gaeltachta.

Seachas cuntas fada a thabharfadh ina shruth trí shaol Ghearóid sinn, is sraith pictiúir nó míreanna gearra atá san úrscéal. Tugann an t-údar isteach i gcroílár an aicsin sinn ag nóiméidí cinniúnacha i saol an laoich, ansin léimeann chun cinn go dtí an chéad phictiúr eile: feicimid an buachaill óg á thabhairt óna mháthair le cur ar altramas ag 'Má Cártha'. Feicimid ar shleasa an rátha é leis an ngamal Lúidín agus feicimid ag cliúsaíocht é le hiníon an bhrughaidh. Feicimid é i gcomhluadar Chormaic, a dheartháir altrama, agus ansin níos deireanaí i ngéibheann ag na Brianaigh, níos deireanaí fós i gcuideachta Lionail, Diúice Chlearáns. 

Ní mhoillítear an insint le exposition ná le cur síos  fadálach ach muid a chaitheamh caol díreach isteach ann in media res. Agus tá gach radharc acu chomh 'ceart' sin, idir chur síos agus chaint, gur deacair Gearóid Iarla a shamhlú ar aon bhealach eile.

Grinneas agus Dea-Stíl Scríbhneoireachta

“Is seoid drithleach atá sa leabhar seo," mar a deir an t-úrscéalaí Liam Mac Cóil linn faoi. "Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.”

Féach an radharc ar an mbán os comhair Chaisleán na Mainge. Glaonn an doirseoir, nó an fear faire, ón túr anuas ar na marcaigh atá tagtha roimh gheata an chaisleáin.
‘Qui va lá?  Cé siúd chughainn?’
‘Cosa ó Mhá Cártha go dtí Mac Thomáis.’
‘An baol dúinn sibh?’
‘Ní baol.’
‘Bhur dtoisc?’

‘Gearóid, dá ngoirtear Mac an Iarla, a thabhairt ar láimh.’

Nó go deimhin, i dtús an leabhair feictear Gearóid óg i measc cailíní aimseartha na chaisleáin agus a athair ag teacht chuige, mar a bheadh strainséara ann lena thabhairt leis. Tar éis dom é a léamh, cosúil le Muiríoch Albanach Alan Titley, ní féidir liom é a shamhlú ar aon bhealach eile. Sin é bua Scéal Ghearóid Iarla, tá fuil is feoil curtha ag Máire  Mhac an tSaoi ar ainm i leabhar staire agus beatha nua curtha aici i miotas Ghearóid Iarla. As seo amach, ní bheimid in ann é a shamhlú ar aon bhealach eile.

Scéal Ghaeróid Iarla

 

Léigh sliocht as Scéal Ghearóid Iarla (pdf)

Return to News