Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Athléamh ar Chlasaicí: Gealach

Agus muid ag coinneáil an tí le linn na ráige seo, tapaímis an deis chun athchuairt a thabhairt ar shárleabhair na Gaeilge. Inniu, caithfimid súil ar úrscéal gearr le Seán Mac Mathúna, úrscéal álainn mealltach ó Nova Scotia, Gealach.

GealachIn agallamh a rinne Seán Mac Mathúna le Darach Ó Scolaí i 2015, déanann sé cur síos ar inspioráid an úrscéil:

"Tuairim is daichead bliain ó shin, bhí an-spéis agam sa bhean seo. Canáideach ab ea í. Agus níor thuigeas tíreolaíocht Cheanada ach do chuas go dtí Toranto chun bualadh léi. Ach bhí sí i Nova Scotia. Sin cúpla míle míle ón áit. Thóg sé dhá lá orm ar an dtreain Nova Scotia a bhaint amach. Bhí sé sna seascaidí.

Láir Bhán Mhisteíreach

Nuair a chuas ann bhí sé ag stealladh báistí agus ansin stop sé go tobann ar an Satharn agus tháinig an ghrian amach agus tír eile a bhí ann ... Chuamar ag spaisteoireacht ... bhaineamar amach Bá Fundy ... Ach an lá seo bhí sé go hálainn agus do bhí trá ar thaobh an bhóthair agus d'imíomar linn.

Sin é an uair a bhraitheamar go raibh cuileachta againn mar do thit scáth orainn agus d'fhéachamar  timpeall agus cad a bhí ann, mar do bhí an ghrian ag dul fé. Bhí an capall bán seo idir an ghrian agus sinne agus sin é an fáth gur thit an scáth orainn. Ach bhí cuma mhistéireach cheart ar an gcapall mar bhí an ghrian laistiar di. Agus  thuigeas gur láir a bhí inti. Bhí sí bán agus seans go raibh baint aici le rásaíocht, mar bhí sí an-chúng an-chórach mar chapall. 

Seán Mac MathúnaAgus Capall Dubh

Ní raibh ann ach tuairim is deich soicind. Do bhraith mé go mb'fhéidir go raibh capall eile ann is gur capall dubh a bhí ann. Níl a fhios agam cén chaoi ar tháinig an smaoineamh sin isteach i m'aigne.

"Lá amháin, tuairim is dhá bhliain ó shin tháinig sé chugam, bhíos ar Killiney Strand. Bhí an capall tórmach, bhí sí ag iompar. Searrach dubh a bhí inti. Arsa mise liom féin, Heah, is dóigh go bhfuil tosach scéil agam."

Físeán: Agallamh le Seán Mac Mathúna.

 

Return to News