Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Athléamh ar Chlasaicí: An Dochtúir Áthas

Guíonn Leabhar Breac biseach ar gach aon duine atá ag fulaingt ó ghalar an C19 agus go deimhin ar gach duine atá ag coinneáil an tí — agus tá súil againn gur féidir linn caitheamh aimsire éigin a chur ar fáil dár gcuid léitheoirí ar fud na cruinne. Ag leanúint den tsraith seo ina dtugaimid athchuairt ar shárleabhair is ar chlasaicí na Gaeilge, inniu, caithimis súil ar an gcéad úrscéal le Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas.

An Dochtúir ÁthasÓ Phlás Mhic Liam go dtí an Ringstrasse

Máistir-rang sa scríbhneoireacht atá sa chéad chúpla líne san úrscéal seo, ina gcuirtear an scéal inár láthair go simplí:
Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.” Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é.

Tá an baoite sloctha! Agus, ar thiontú an leathanaigh, táimid i ‘seomraí’ an Dr Áthas gona fhuinneog ard ingearach, a sheilfeanna leabhar, marmar bán riabhach an mhatail, a thine ghuail, agus féasóg dhubh shleamhain an dochtúra féin. Agus más i bPlás Mhic Liam i mBaile Átha Cliath féin atáimid, d’fhéadfadh muid chomh héasca céanna muid féin a shamhlú i gcaibinéad an tsíocanailísí mhóir i gcathair Vín. Sna cúpla leathanach sin i dtús an leabhair, seoltar chun cinn in odaisé Eorpach muid, odaisé na síocanailíse — agus ní odaisé go dtí é!

Nuair a foilsíodh An Dochtúir Áthas sa mbliain 1994 ba bheag Éireannach ar m’aithnese a thabharfadh Eorpach air féin. I Savoie na Fraince a bhí cónaí orm féin agus, in ainneoin bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, bhraitheas go raibh bearna mhór chultúrtha agus pholaitiúil idir ár dtír féin agus mór-roinn na hEorpa — bearna atá chomh leathan céanna inniu.

An tOthar agus an Síocanailísí

Liam Mac CóilSigmund FreudBearna í sin a sháraíonn Liam Mac Cóil sa chéad chúpla leathanach sin. Úrscéal is ea An Dochtúir Áthas a insítear sa chéad phearsa, mar dhialann othair atá á leigheas ag síocanalaísí (mar a bhí ag Breandán Ó hEithir in Sionnach ar mo Dhuán). Pléann an cuntas le Freud agus lena chaidreamh leis an Dr Fleiss, agus pléann sé an tsíocanailís féin, ar bhealach cliste, ealaíonta agus, go minic, greannmhar. Duine atá san othar, i bhfear inste an scéil, a bhfuil oideachas air, intinn fhiosrach neamhpleach, agus stíl shoiléir thaitneamhach scríbhneoireachta — duine a chuir Thomas Mann i gcuimhne dom, ach go háirithe.

Dar ndóigh, ní hiontas ar bith sin, is tréith é a bhaineann le gach a scríobhann Mac Cóil, an tréith Eorpach. Tá sé sna comhráití idir an saighdiúir agus an staraí in Fontenoy, tá sé i ndlúth agus in inneach An Choill agus An Claíomh Solais. Tá sé, dar ndóigh, in intinn an mhic léinn as Gaillimh a thugann aghaidh ar an Mór-Roinn in An Litir agus I dTír Strainséartha. Mar a deir an tOllamh Brian Ó Broin ina aiste ar an Dochtúir Áthas (Úrscéalta na Gaeilge, Ó Conchubhair, O'Leary, agus Dogherty) Seo é an chéad uair a húsáideadh téacsanna agus stair na Gaeilge mar a d'sáidfí litríocht Eorpach ar bith eile chun Freudachas a mhíniú."

An Claíomh SolaisFear Dia agus Wagner

Agus ní hiontas sin mar, idir leathanaigh an leabhair seo, tá teacht ar Mhitteleuropa intleachtúil is ealaíne sin Thomas Mann, Joseph Roth, Sándor Márai, Bourmil Hrabal, Milan Kundera, Beethoven, Wagner agus mhórchumadóirí an cheoil agus, dar ndóigh, ar dhomhan na síocanailísithe. Ach sna leathanaigh chéanna tá tagairtí d’Oidhe Fhir Dhia, don Leabhar Branach agus don iris liteartha Comhar. Go dána, ar bhealach nach bhfaca mise scríofa roimhe sin, bhí ár gcultúr litríochta féin agus cultúr an hEorpa á sníomh i dtaipéis ealaíonta a shín ó Bhaile Átha Cliath go Vín na hOstaire — rud a bhain geit ríordánach as an léitheoir seo, agus a chuir ár gcultúr féin i gcroílár na hEorpa.

An Dochtúir Áthas mar Úrscéal Homaighnéasach

Dar leis an Ollamh Brian Ó Broin, "saothar ceannródaíoch amach is amach is ea An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil. Go cinnte, foilsíodh saothair i nGaeilge cheana a bhris múnlaí, agus foilseofar a leithéid arís, ach tugann an leabhar seo aghaidh ar dhá rud nár breathnaíodh orthu mórán sa litríocht Ghaeilge go nuige sin in aon chor. Sin iad modhanna inste agus aigneolaíocht."

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar mhodhanna inste agus ar an bplé i gcúrsaí síocanailíse, déanann an tOllamh Ó Broin tagairt don tsnaithe homaighnéasach atá sa leabhar, dar leis, agus bronann an chraobh air "sa gharraí sin", agus tugann "Úrsceal Mór Homaighnéasach na hÉireann" air. 

Úrscéalta na GaeilgeMar atá in Fontenoy (2006), baineann cuid suntasach den scéal in An Dochtúir Áthas le caidreamh idir beirt fhear, an Dr Freud agus an Dochtúir Wilhelm (nó Liam!!) Fliess sa chás seo. Comhthreomhar leis an gcaidreamh homaighnéasach idir an bheirt sin, tá  léiriú ann freisin ar an gcaidreamh idir Cú Chulainn agus Feardia, agus, dar ndóigh, idir an reacaire agus an Dochtúir Áthas. Arsa an Branach, "Taobh amuigh den diabhlaíocht a dhéanann Mac Cóil le gnásannna an úrscéil agus cur chuige an Fhreudachais, leagann sé misean amach dó féin scéal grá a insint ar bonn iomlán na a chuireann timpeallacht an scéil — Éire Eorpach agus Ghaelach — ar comhchéim le timpeallacht Eorpach ar bith eile."

Le hos cionn scór bliain anuas tá bearnaí á mbriseadh agus teorainneacha á sárú ag Liam Mac Cóil. Agus an fhaid is a bheidh an obair sin ar bun aigesan beidh síneadh á chur le teorainneacha na léitheoirerachta agus, gan dabht, le pléisiúir na foilsitheoireachta.

An Dochtúir Áthas

Léigh sliocht as An Dochtúir Áthas

© Darach Ó Scolaí, 2017

Return to News