Hula Hul

Seán Mac Mathúna

12.00

Hula Hul: 104 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-40-7

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Leabhar na Míosa

Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d’fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D’fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean. Insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite aici ag sclábhaíocht; agus scéal Bhreen, ógánach slachtmhar a bhfuil a chrois féin le hiompar aige trí shneachta shléibhte Chiarraí agus é ina chogadh dearg ar gach taobh de.

Tá sé ina Chogadh Dearg sa Sneachta

“Leabhar aoibhinn….Ní leagfaidh tú uait an leabhar seo. Tá greann, seanbhlas, traidisiún, nualaíocht, nádúr, agus céad ceist nua sa leabhar seo. Dúiseoidh ainmneacha sa leabhar seo taibhsí as beatháisnéisí ón tréimhse sin ort ach is daonna go mór na carachtair anseo.” —Máire Ní Fhinneadha, Foinse

“Tuigeann Mac Mathúna síceolaíocht; tuigeann sé éad, saint, sotal, urraim agus grá, agus bíonn iomlán léir na nithe sin ag iomarscáil lena chéile sna carachtair a chruthaíonn sé.” —Pól Ó Muirí, Beo

“Máistir i mbun pinn.” —Éilís Ní Anluain, The Irish Times

“Léiriú ealaíonta ar thréimhse chorrach i stair na tíre seo. —Lá Nua

Léigh sliocht as an leabhar

Hula Hul ar fáil mar rleabhar ar an gKindle (amazon)