Éalú as an Lios

Aoife Ní Dhufaigh

7.50

48 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-96-6

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó ‘An Domhan Thuas’. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad … agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!