CÚ 2: Coimirceoir

Paul Bolger & Barry Devlin

12.00

168 lch; clúdach bog; 978-1-911363-39-2

Cú 2: Coimirceoir, an dara leabhar in eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a thurais go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh agus a fhilleadh ar Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar ionradh Mhéibhe ar Chúige Uladh.

From Hell agus 300

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige. “Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú, Nós “Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Hollywood-like archetype hero

In the last number of years Irish artists have increasingly borrowed from our rich storytelling tradition to inspire their own works. However I’ve rarely seen a book that does such a great job of showing off this tradition as Hound: Protector. Hound: Protector is the first book in a planned trilogy of the story of the ‘Hound of Ulster’, Cú Chulainn, written by Paul Bolger & Barry Devlin, and drawn by Paul. It’s a book that sets itself apart from other tellings of the myth in that we don’t have a big, almost Hollywood-like archetype hero. Instead we have a small, mangy and wiry protagonist; A ‘gurrier’ in the words of Paul. — Geek Ireland

Léigh an léirmheas in Geek Ireland