Cú 1: Cosantóir

Paul Bolger & Barry Devlin

12.00

168 lch; clúdach bog; 978-1-909907-99-7

Cú Chulainn agus é ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar álainn ealaíonta í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Úrscéal Graifice i Stíl ‘Hell’ nó ‘300’

“Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú, Nós

An Chéad Leabhar sa Triológ

“Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Léigh léirmheas in Nós.

Léigh faoi Chú Chulainn agus Táin Bó Cuailnge.

Cú ar fáil ar Amazon.

LÉIRMHEAS: Cú