An Cléireach

Darach Ó Scolaí

12.00

An Cléireach: 208 lch; clúdach bog; 978-0-898332-33-9

“An tÚrscéal is Fearr ó Chasadh an Chéid”

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle.

Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008, agus d’ainmnigh COMHAR é mar “An tÚrscéal is Fearr ó Chasadh an Chéid”

Suitear An Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.

Duais an Oireachtais 2007, ‘Leabhar na Bliana’ 2008

“Táimid sa phuiteach leo, agus sa draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d’fhonn tú féin a thriomú…. Stíl ghlan láidir.” Alan Titley, Foinse.

An Léitheoir i gCorplár na Cuilithe

“Is iad inchreidteacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachta a mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ghluaiseann an t-aicsean.” Breandán Ó Cróinín, The Limerick Leader

“Tá saibhreas agus ionramháil na teanga ar aon chéim amháin feabhais ó thús go deireadh an scéil.” An tOll Gearóid Ó Tuathaigh, An tOireachtas

“Níl aon amhras ach go bhfuil An Cléireach (2007) le Darach Ó Scolaí ar cheann de mhórúrscéalta staire na Gaeilge agus i measc na leabhair is fearr a scríobhadh sa teanga ó thús an chéid seo.” Radvan Markus, Léachtaí Cholmcille 52

“Tá sé ar cheann de na húrscéalta is fearr dár léigh mé le tamall anuas, i dteanga ar bith. Mo cheol thú, a Dharach Uí Scolaí!” Dennis King, Nótaí Imill

Éist le podchraoladh EFACIS: Darach Ó Scolai ag labhairt le Síle Ní Choincheannain faoin úrscéal staire

Léigh cur síos in The Oxford Handbook of Modern Irish Fiction

Léigh sliocht as an leabhar