údair
Scoth na leabhar do léitheoirí óga!
Ó ghlúin go glúin, a réimse leabhar féin do gach aoisghrúpa
Dóiteoir na Samhna
Darach Ó Scolaí
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983324-3-8
Scéal fiannaíochta sa tsraith Fionn don aoisghrúpa 8-10 mbliana.
Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus...
An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983324-2-1
Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann.
Ach, ó bhí Fionn ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a...
Puisín
Sadb Nic Fhionnbhairr
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-36-7
Pictiúrleabhar don aoisghrúpa 8+, maisithe ag Laura de Búrca.
Dar le muintir an tí, tá saol an-leadránach ag Puisín. Ach, i ndáiríre, tá saol iomlán eile, saol rúnda, ag an seanchat ramhar buí seo.... Nuair a fhágann muintir an tí gach maidin, téann Puisín ag fiach. Tugann sé ruathar faoin gcistin, fogha faoin iasc órga, agus...
Naomh Pádraig
Liam Mac Uistín
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-20-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Míle sé chéad bliain ó shin tugadh buachaill óg go hÉirinn mar sclábhaí. Chaith sé blianta fada uaigneacha ag tabhairt aire do mhuca is do chaoirigh ar Shliabh Mis. Ansin d’éalaigh sé, agus é de rún aige na Gaeil a thabhairt chun na Críostaíochta. Patricius a bhí ar an mbuachaill sin, nó...
An Gruagach
Peadar Ó Cualáin
€4.95 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-05-2
An chéad úrscéal sa tsraith 'Sráid an Iarla' ina gcastar Mártan orainn in eachtra seo don aoighrúpa 9-10 mbliana.
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé...
Gáirdín an Ollaimh
Peadar Ó Cualáin
€4.95 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-06-0
Úrscéal eile sa tsraith 'Sráid an Iarla' ina gcastar Mártan orainn san eachtra seo don aoighrúpa 9-10 mbliana.
Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus...
An Gabha agus an Bhean Rua
Peadar Ó Cualáin
€4.95 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-07-9
Sa tríú úrscéal sa tsraith ‘Sráid an Iarla’ castar Mártan orainn in eachtra nua eile.
Tar éis casadh le cailín beag bricíneach sa tsráid tugtar Mártan ar cuairt ar ghabha mistéireach ina cheárta agus cuirtear in aithn é d’amhránaí álainn rua. Ach cá bhfuil cónai ar an mbean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an...
Níl Cead Snámh sa Loch
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-26-8
Leabhar eile le Máire Ní Ghallchobhair sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Téann rang Lúsaí ar shiúlóid dúlra...
Fiacha mac Aodha Ó Broin
Vivian Uíbh Eachach
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-16-9
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach agus ar an laoch Laighneach, Fiacha Mac Aodha Ó Broin. Sheas sé an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael.
Tá maisiúchán gleoite déanta ar an leabhar seo ag an...
Somhairle Mór
Vivian Uíbh Eachach
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-39-1
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Ba é Somhairle Mór an chéad rí Gaelach ar Inse Gall. Bhunaigh sé ríocht Gaelach ar chósta na hAlban, agus sna hoileáin idir Alba agus Éirinn. Is uaidh a tháinig cuid mhór de theaghlaigh mhóra Ghaelacha na hAlban. Tugann an leabhar seo léargas dúinn ar stair na nGael in Éirinn agus in Albain in aimsir na...
Luch sa Rang
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-38-4
An séú leabhar maisithe ag Peter Donnelly sa tsraith Lúsaí le Maire Ní Ghallchobhair (don aoisghrúpa 6-7). Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tugann Bean de Róiste luch ar scoil inniu. ‘Beidh spraoi againn anois,’...
Ciúnas sa Leabharlann
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40lch; ISBN 978-0-898332-22-3
Leabhar eile le Máire Ní Ghallchopbhair sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana, agus í maisithe ag Peter Donnelly.
Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú! Téann rang Lúsaí go dtí an leabharlann inniu. ...
Cuairt ar an bhFeirm
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-23-1
Leabhar eiler sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly.
Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá rang Lúsaí ar cuairt ar an bhfeirm inniu. ...
Mamó agus an Phearóid
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983323-7-7
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly.
Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá Lúsaí agus a cara Caoimhe ar cuairt ar...
Amadán Aibreáin
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-23-1
An dara leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly.
Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá Lúsaí an-sásta inniu. An...
Seán Ó Néill
Darach Ó Scolaí
€4.95 (bog), 56 lch; ISBN 978-0-898332-11-8
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-12 bliana.
Duine d'uaisle Thír Eoghain a a mhair sa 16ú haois ba ea Seán Ó Néill. Thug sé aghaidh ar Shasanaigh, ar Albanaigh, agus ar a mhuintir féin. Bhain sé Tír Eoghain amach leis an lámh láidir agus rinne sé páirc chatha de Chúige Uladh. Tugann a scéal léargas dúinn ar thaoisigh agus ar stair na nGael sa...
Tadhg Dall Ó hUiginn
Darach Ó Scolaí
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 1-898332-13-4
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d’fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne — Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht. Sa leabhar seo...
Gráinne Mhaol Ní Mháille
Darach Ó Scolaí
€15.00 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-17-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Tá Gráinne Mhaol ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael. Mairnéalach cróga a bhí inti, máthair, agus bean taoisigh, de shliocht uasal Uí Mháille. Óna caisleán ar oileán Chliara thug sí dúshlán na bhfear ar muir agus ar tír. Tá leargas sa leabhar seo, ní hamháin...
Mánas Ó Dónaill
Darach Ó Scolaí
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-10-X
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-12 bliana.
Taoiseach, saighdiúir, file, agus prionsa Gaelach ar an nós Eorpach ba ea Mánas Ó Dónaill. Bhí gean aige ar fhilí agus ar fhilíocht, agus chuir sé féin an leabhar 'Beatha Cholmcille' á scríobh. Tugann a scéal léargas dúinn ar Thír Chonaill agus ar stair na nGael sa 16ú...
Toirealach Ó Cearúlláin
Liam Mac Cóil
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-12-6
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana. Bhí an cláirseoir dall, Toirealach Ó Cearúlláin, ar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí ba mhó in Éirinn riamh. Tá a chuid ceoil chomh mór i mbéal an phobaill inniu is a bhí ariamh. Tugann a scéal léargas dúinn ar stair, ar chultúr, agus ar cheol na nGael. Tugann sé léargas...

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)


Ceannaigh an leabhar
Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac