údair
Fáilte go dtí leathanach idirlín an údair
Beathaisnéis agus leabhair an úrscéalaí, Darach Ó Scolaí
An Cléireach
Ficsean
€15.00 (bog), 208 lch; ISBN 978-0-898332-33-9
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an...
Dóiteoir na Samhna
Óige
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983324-3-8
Scéal fiannaíochta sa tsraith Fionn don aoisghrúpa 8-10 mbliana.
Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus...
An Bradán Feasa
Óige
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983324-2-1
Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann.
Ach, ó bhí Fionn ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a...
Feis Tigh Chonáin
Ficsean
€12.00 (crua), 96 lch; ISBN 978-0-898332-09-5
Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois.
Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Am éigin sa 15ú...
Seán Ó Néill
Óige
€4.95 (bog), 56 lch; ISBN 978-0-898332-11-8
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-12 bliana.
Duine d'uaisle Thír Eoghain a a mhair sa 16ú haois ba ea Seán Ó Néill. Thug sé aghaidh ar Shasanaigh, ar Albanaigh, agus ar a mhuintir féin. Bhain sé Tír Eoghain amach leis an lámh láidir agus rinne sé páirc chatha de Chúige Uladh. Tugann a scéal léargas dúinn ar thaoisigh agus ar stair na nGael sa...
Tadhg Dall Ó hUiginn
Óige
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 1-898332-13-4
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d’fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne — Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht. Sa leabhar seo...
Gráinne Mhaol Ní Mháille
Óige
€15.00 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-17-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Tá Gráinne Mhaol ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael. Mairnéalach cróga a bhí inti, máthair, agus bean taoisigh, de shliocht uasal Uí Mháille. Óna caisleán ar oileán Chliara thug sí dúshlán na bhfear ar muir agus ar tír. Tá leargas sa leabhar seo, ní hamháin...
Mánas Ó Dónaill
Óige
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-10-X
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-12 bliana.
Taoiseach, saighdiúir, file, agus prionsa Gaelach ar an nós Eorpach ba ea Mánas Ó Dónaill. Bhí gean aige ar fhilí agus ar fhilíocht, agus chuir sé féin an leabhar 'Beatha Cholmcille' á scríobh. Tugann a scéal léargas dúinn ar Thír Chonaill agus ar stair na nGael sa 16ú...
An Ceithearnach Caolriabhach
Ficsean
€20.00 (crua), 56 lch; ISBN 978-0-898332-14-2
“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....”
Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh,...
Craos
Drámaíocht
€9.00 (bog), 80 lch; ISBN 978-0-898332-31-5
Is é Craos an tríú dráma sa tsraith Trí Bhraon a phléann leis an mbréag agus le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile. Fearacht an dá dhráma eile sa tsraith, Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos (atá ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac), tugann Craos faoin ábhar tromchúiseach seo le greann dubh agus neart spraoi. Ní...
An Braon Aníos
Drámaíocht
€9.00 (bog), 84 lch; ISBN 978-0-898332-24-X
I 2006 a léiríodh an dráma seo, an dara dráma sa triológ 'Tríó Bhraon'.
Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta,...
Coinneáil Orainn
Drámaíocht
€9.00 (bog), 72 lch. ISBN 0-898332-20-6
Nuair a théann cigire deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt Ghaeilgeoirí dúchasacha deireanacha ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh.
"Aor grinn atá sa dráma faoi theanga, bhréaga, mhaorlathas agus deontaisí Gaeltachta, i dtraidisiún Myles na gCopaleen," dar le Norma-Jean Kenny sa Galway Advertizer, "ina ndéanann an t-údar...

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)



Ceannaigh an leabhar
Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac