Fáilte go dtí leathanach idirlín an údair

Nóta beathaisnéise an scríbhneora, Sadb Nic Fhionnbhairr

Sadb Nic Fhionnbhairr

As Baile Átha Cliath don údar, Sadb Nic Fhionnbhairr. Tá staidéar déanta aici ar Stair na hEalaíne agus ar an nGearmáinis i mBaile Átha Cliath agus i mBeirlín, agus tréimhse caite aici ag obair do sheirbhís náisiunta craolta na Gearmáine. Tá sí fostaithe faoi láthair ag comhlacht idirnáisiúnta sa teicneolaíocht faisnéise i Londain.

 

Seo é an dara leabhar do pháisti atá foilsithe aici. D'fhoilsigh sí Cleití Órga i gcomhair leis an ealaíontóir Laura de Búrca i 2004.

Puisín

Puisín

Óige

€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-36-7

Pictiúrleabhar don aoisghrúpa 8+, maisithe ag Laura de Búrca.

Dar le muintir an tí, tá saol an-leadránach ag Puisín. Ach, i ndáiríre, tá saol iomlán eile, saol rúnda, ag an seanchat ramhar buí seo.... Nuair a fhágann muintir an tí gach maidin, téann Puisín ag fiach. Tugann sé ruathar faoin gcistin, fogha faoin iasc órga, agus...

Tuilleadh...

Nil aon lebhar sa chisean

nuacht

  • Eagrán bog de Hula Hul

    Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean)

  • Duais leabharbreac.com

    Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean)

  • An Chláirseach i nDurham

    Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean)

  • Úrscéalaí Nua Farainn

    Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean)

  • Sasanachas faoi Scrúdú

    Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)