údair
Fáilte go dtí an leathanach nuachta
Na scéalta is deireanaí ó shaol na litríochta agus na n-ealaíon
Fáilte go dtí an leathanach nuachta
Na scéalta is deireanaí ó shaol na litríochta agus na n-ealaíon
Nuacht: Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. 'Ardán na hAbhann' nó 'Seoirse Farainn' is teideal don úrscéal seo go sealadach. Tá mórchuid saothar léirmheastóireachta foilsithe leis an údar le tamall de bhlianta anuas. Foilseofar an t-úrscéal i 2011.
Ar ais go dtí an nuacht... cliceáil anseo.

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)


Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac