Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

filleann_seoirse.jpg

Filleann Seoirse

Éilis Ní Anluain

€18.00

Luach Speisialta €15.00

176 lch, clúdach crua; ISBN 1 898332 59 6

"NA 10 nÚRSCÉAL IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID!" — Comhar

Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.'
Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.

Rud nach bhfuil déanta ag mórán úrscéalaithe Gaeilge .i. an teannas sa saol pósta agus an caidreamh idir dhaoine a léiriú. Míreanna an-láidir sa scéal a mheabhraíonn Virginia Woolf agus Simone de Beauvoir dom. Léirítear ann aigne agus íogair an tráchtaire go seoigh. — Diarmuid Ó Gráinne

Guth nua le scéal síoraí, á insint le fuaimint ag fíorscéalaí. Beidh do chroí i mbarra do mhéire agat agus an scéal taibhseach seo á léamh agat. — Seán Mac Mathúna

Is eolgaisí gach aon duine mar gheall orthu féin fé dheireadh an leabhair.... Stíl lom dhíreach a iompraíonn na mothacháin atá á nochtadh aici.  — Alan Titley, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

Fileata, scríobhann sí ar nós péintéara. — Éils Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG
Úrscéal réadúil, liriciúil, liteartha.... B'fhiú fanacht leis. — Aingeal de Búrca, Comhar.

Ní Anluain's ability to catch day-to-day life and nuanced feeling is enviable, and she has crafted a very contemporary dialect.... Here is an accomplished author. One looks forward to her next book. — Pól Ó Muirí, The Irish Times

Filleann Seoirse: Léigh sliocht as an leabhar

Léigh an léirmheas iomlán ar shuíomh an Irish Times

Físeán den údar ar clubleabhar.com

Filleann Seoirse ar fáil ar Amazon Kindle