Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

piu-.jpg

Clasaicí Stevenson

Robert Louis Stevenson

€25.00 €22.50

Péire de chlasaicí móra na heachraíochta in aon bheart amháin: Oileán an Órchiste agus An Fuadach le Robert Louis Stevenson. Dhá úrscéal a thugann ó mharú an tSionnaigh Rua muid i nGaeltacht na hAlban go dtí Long John Silver agus órchiste foghlaithe mara. Tá scleondar agus scéin sa dá úrscéal a choinneoidh ag iompú na leathanach thú.

Oileán an Órchiste

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

An Fuadach

Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.