Conaire_Mo-r_SUIOMH.jpg

Conaire Mór

Diarmuid Johnson

€16.00

Luach Speisialta €14.00

104 lch; Clúdach Bog, ISBN ISBN 978-1-911363-12-5

Lascaine Speisialta 'Gearrliosta Leabhar na Bliana'!

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

"Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin." — Dennis King, blog 'Nótaí Imill'.

Léigh sliocht as Conaire Mór

Éist le sliocht as Conaire Mór á leamh ag an údar