Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

ARDRI%20Cluiche.jpg

Ardrí

€20.00 €18.00

Cluiche cláir; cód: 9780898332582 

Cluiche cláir do 2-4 imreoir (7+). Ar chlár 20" x 20" a imrítear an cluiche, agus é curtha ar fáil i mbosca láidir agus é maisithe go lándaite. Roghnaíonn gach imreoir píosa imeartha agus, le dísle agus Cártaí Sí, gluaiseann sé thar chonstaicí i rás le teacht ar an Ardrí i dTeamhair.

Ina phálás i dTeamhair, tá an tArdrí timpeallaithe ag naimhde. Chun an tír a shábháil, caith?dh tú teacht i gcabhair air. Ar an mbealach castar cairde agus naimhde ort — Conán Maol, Goll mac Mórna, an Giolla Deacair, Caol an Iarainn, agus go leor eile. Ach tá contúirtí amach romhat!

Le cabhair ó COGG, tá an cluiche cláir seo á chur ar fáil i gcomhar leis an tsraith nua leabhar 'Fionn'. Tá an chéad trí leabhar sa tsraith ar fáil anois, An Bradán Feasa, Dóiteoir na Samhna agus Bodach an Chóta Lachna, agus tá an cluiche cláir ar fáil i siopaí i siopaí maithe, nó le fáil tríd an bpost ar an suíomh seo.