Úrscéalta Grafacha

Réimse leathan úrscéalta grafacha idirnáisiúnta, idir mhór is bheag, aistrithe ón Iodáilis agus ón bhFraincis do dhéagóirí agus do léitheoirí fásta.

Úrnua i 2016!

CORTO SA tSIBÉIR: san úrscéal grafach is deireanaí sa tsraith chlúiteach le Hugo Pratt, tugann Corto Maltese aghaidh ar Shínigh, Sheapánaigh is Rúisigh agus é sa tóir ar ór imnpiriúil na Rúise.

AN BROC-CHÚ: An chéad imleabhar sa tsraith nua le Hervé Bourhis atá i mbéala Le Tout-Paris i mbliana.

CÚ: Insint ghrafach ar scéal Chú Chulainn le Paul Bolger & Barry Devlin —  agus é sin déanta go spleodrach agsu go healaíonta ag an mbeirt (ar fáil rtoimh Nollaig).

Lascaine 20% ar Gach Leabhar don Nollaig!

Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock    
Tuilleadh
Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Haileabó air le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock.

Tuilleadh
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le ConchúrUladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidhInsint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Tuilleadh

Gráinne Mhaol

€11.00
Eachtraí spleodracha Ghráinne Ní Mháille, máthair, ceannaire agus mairnéalach, bean nár smachtaíodh riamh; bean a d’fhulaing go leor ach a tháinig slán ar deireadh mar dhuine de mhórlaochra stair na hÉireann.

Scéal eipiciúil spleodrach suite ar chósta thiar na hÉireann sa 16ú haois, inste go bríomhar ag Gisela Pizatto agus maisithe go healaíonta ag Bruno Büll. Iarla Mac Aodha Bhuí a d'aistrigh.

Tuilleadh
Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta dó. Ach is é Fionn mac Cumhaill ceannaire na Féinne an fear sin, agus nuair a bhaintear Gráinne de téann sé féin agus an Fhiann sa tóir ar dhíoltas. Sárinsint ó thús deireadh agus sárléiriú ealaíonta le Michael McGrath ar cheann de phríomhscéalta na fiannaíochta.

Tuilleadh
Táin Bó Cuailgne, agus mar a chosain Cú Chulainn Cúige Uladh ar Mhéabh banríon Chonnacht agus ar ollsluaite na hÉireann. Seo é mór-scéal laochais na Gaeilge, agus é insithe agus léirithe go healaíonta ag Barry Reynolds san úrscéal grafach seo.

Tuilleadh
Tar éis tréimhse a chaitheamh ar a theitheadh sa Bhrasaíl, tá Guy Farkas 'An Broc-Chú' ar ais sa Fhrainc, agus é ar ar ais i mbun gnóthaí! Tá jab aige: teacht ar iarcheannaire an chomhlachta cógaísíocht idirnáisiúnta Duprat — fear atá ar a theitheadh ón dlí é féin — agus é a thabhairt ar láimh do na póilíní. Tóraíocht é seo a thugann é ar láithreáin scannánaíochta craicinn go dtí cóisir dhrúisiúil i chateau faoi rún agus go cillín i bpríosún Francach.

Tuilleadh
SLADMHARGADH: Na ceithre leabhar le chéile: In Ainm Dé Uilethrócairigh; An Buille Scoir; Tóraíocht Eile; Na Liopard-Fhir ó Rufiji
Tuilleadh

“Beidh ‘chuile shórt go breá ... tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.”
Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi.
Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta.

Tuilleadh