Paul Bolger & Barry Devlin

Stiúrthóir, beochanóir agus ealaíontóir é Paul Bolger. Is le coimicí a chaith sé a dhúthracht. D’oibrigh sé mar bheochanóir in Don Bluth Studio agus in Dagda Film, agus ba é a bhí ina phríomhbheochanóir ar Cool World, The Thief and the Cobbler (Werner) agus ina stiúrthóir ar  Gardens agus Happily N’ever After.

Scríbhneoir scannáin is teilifíse aitheanta é Barry Devlin  ( A Man of No Importance, The Darlings Buds of May), Tá cúpla clár faisnéise ar U2 stiúrtha aige, agus ba é a rinne go leor dá gcuid físeán. Ba é príomhcheoltóir na Horslips freisin é, tráth.

Cú

 

Paul Bolger & Barry Devlin
€12.00
€10.00
LE RÉAMHORDÚ AR LACÁISTE SPEISIALTA!
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le ConchúrUladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidhInsint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

Tuilleadh