Mícheál Ó Conaola

As an Sídheán, taobh thoir den Spidéal, an t-údar. Tá aithne air mar chraoltóir raidió agus teilifíse. Bhain sé gradam Jacobs amach do RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá colún seachtainiúil aige sa nuachtán Foinse. 

Cé nach dtabharfadh Mícheál Ó Conaola seanchaí air féin is duine é atá an-mhórálach as an traidisiún scéalaíochta a bhain lena mhuintir. Ba as an Lochán Beag i gCois Fharraige a sheanmháthair, Máire Uí Chúláin, agus ba deirfiúr í leis an seanchaí Beairtle Tom Saile Ó Flatharta. Bhí cáil ar Bheairtle mar sheanchaí agus tá riar dá chuid scéalta i Roinn an Bhéaloideasa i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is mac le Beairtle é Tomás Ó Flatharta, a bhfuil príomhdhuais an Oireachtais buaite faoi dhó aige agus a cloiseadh go minic san am a caitheadh ag scéalaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar thaobh athar Mhíchíl, ba gaibhne a bhí iontu agus bhí ceárta acu sa Sídheán in aice an Spidéil ar Bhóthar an Rí, áit a gcuirtí seanchas agus scéalta an cheantair trína chéile. Tá go leor dá shaol caite ag Mícheál féin le craoltóireacht raidió agus teilifíse chomh maith le cúrsaí drámaíochta agus aisteoireachta – gnéithe eile d en scéalaíocht, is dóigh, ag briseadh tríd an dúchas. 

Insint bhreá bhríomhar ar cheann de na seanscéalta ab ansa lenár muintir agus í maisithe le pictiúir dhaite le Darach Ó Scolaí, mar aon le dlúthdhiosca de Mhícheál Ó Conaola i mbun scéalaíochta.
Tuilleadh