Hervé Bourhis

I Touraine na Fraince sna 70dí a rugadh Hervé Bourhis. Tá os cionn fiche leabhar scríofa nó deartha aige, nó scríofa agus deartha, ar théama an rac-cheoil, na Lochlannach, tacsaí-rothar, agus nithe fíorspéisiúla eile. Oibríonn sé freisin sna meáin chlóite agus sa bheochanú.

An Broc-Chú

Hervé Bourhis
€12.00
€10.00
"Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar 'An Broc-Chú', taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar.

Tuilleadh
Tar éis tréimhse a chaitheamh ar a theitheadh sa Bhrasaíl, tá Guy Farkas 'An Broc-Chú' ar ais sa Fhrainc, agus é ar ar ais i mbun gnóthaí! Tá jab aige: teacht ar iarcheannaire an chomhlachta cógaísíocht idirnáisiúnta Duprat — fear atá ar a theitheadh ón dlí é féin — agus é a thabhairt ar láimh do na póilíní. Tóraíocht é seo a thugann é ar láithreáin scannánaíochta craicinn go dtí cóisir dhrúisiúil i chateau faoi rún agus go cillín i bpríosún Francach.

Tuilleadh