an_clireach_bog.jpg

An Cléireach

Darach Ó Scolaí

€12.00 €9.00

208 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-33-9

"An tÚrscéal is Fearr ó Chasadh an Chéid" — Comhar

Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.

Duais an Oireachtais 2007; 'Leabhar na Bliana' 2008.

“Táimid sa phuiteach leo, agus sa draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d'fhonn tú féin a thriomú.... Stíl ghlan láidir.” Alan Titley, Foinse.

“Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríúbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ghluaiseann an t-aicsean.” Breandán Ó Cróinín, The Limerick Leader

saibhreas agus ionramháil na teanga ar aon chéim amháin feabhais ó thús go deireadh an scéil.” An tOll Gearóid Ó Tuathaigh, An tOireachtas

Léigh sliocht as an leabhar

Nasc leis an léirmheas san Limerick Leader

An Cléireach ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)